Tograí
Ionad an Phobail Machaire Rabhartaigh
Tá an obair críochnaithe ar chostas de €800,000. Fuair muid 80% de dheontas ón Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltach, 65,000 ó Gael Linn agus 50,000 ó lotto na paróiste. Tá muid fíor bhuíoch as an tacaíocht sin ar fad. Bhí 3 chúrsa ag Gael Linn san Ionad i mbliana agus anois tá scoil náisiúnta Mhachaire Rabhartaigh ag úsáid na háite go dtí go mbeidh an obair críochnaithe ar an scoil. Tá súil againn go rachaidh an tIonad chun tairbhe don phobal uilig, go háirithe an aos óg. Má tá níos mó eolais ag teastáil uait faoin tIonad, nó faoi seomraí a chuir san áireamh, tig scairt a chuir ar Máire san Ionad ag 0749135556.Tá Máire Mhic Pháidín fostaithe mar bhainisteoir ar Ionad an Phobail Machaire Rabhartaigh anois. Tá an t-Ionad foscailte go lánaimseartha agus tá go leor áiseanna, imeachtaí, agus spóirt ar fáil do gach aoisghrúpa.

- Cúrsaí Ríomhairí
- Margadh Cois Mara
- Grúpa Tuismitheoir & Tachrán
- Clubanna Óig
- Ranganna Giotár
- Forbairt phearsanta
- Cúrsa Garchabhrach & Defibrillator
- Ranganna Damhsa & Céilí
- Grúpa Mná Port Maishe
- Ceardlann
An Scoil Bheag

Halla na Paróiste
Tá an obair ar an togra críochnaithe agus tá an halla bheith ar fáil don phobal anois. Chosainn an togra seo suas le milliún euro. Tá súil againn go mbainfidh an pobal úsáid as na háiseanna ar fad sa halla. Tá stáitse úr le coras soilse sa halla agus bheadh se go deas tús a chur le drámaíocht sa pharóiste arís!Tá príomh oifig Coiste Pobal Ghort a' Choirce i Halla na Paróiste anois, agus tig scairt a chuir ar Eimear ag 0749165822 - 0861534378
Gárradh na Mílaoise
Tá an obair ar an ghárradh seo chóir a bheith críochnaithe. Ba é Coiste Pobail Ghort a’ Choirce chomh maith le Joe Gallagher (úinéir Óstán Loch Altan) a dhíol as costaisí an ghárraidh seo. Nuair a bhéas sé críochnaithe beidh ardán ann do dhamhsóirí, grúpaí ceoil agus drámaíocht faoin aer.




