Féile Ghort a' Choirce 2008


An Rása 5K
Rinne scaifte mór freastal ar fhéile Ghort a’ Choirce a bhí ar siúl an deireadh seachtain deireanach de mhí Iúil(anuraidh). Cuireadh tús bríomhar leis an fhéile le rás bóthair 5km agus rinne an banna ceoil áitiúil an scaifte a thionlacan go hOifig an Phoist agus chuir an tAth Seán Ó Gallchóir tús oifigiúil leis an fhéile. Cuireadh fáilte mhór roimh bhuaiteoirí an rása i dTeach a' Cheoil agus bhain achan duine sult as an tae agus ceapairí fhad is bhí an tAth Seán ag bronnadh na nduaiseanna. Bhí damhsa mór na féilear siúl in Óstán Loch Altan oíche Aoine áit ar fógraíodh buaiteoirí na ngairdíní agus an bhaile fearainn is glaine. Bhron Cordelia Ní Fhearraigh agus Mary Attenborough ó MEAS trofaí galánta ar Mháire Bn Uí Fhearraigh thar cheann mhuintir Fhána Bhuí. Tá moladh mór tuillte ag muintir an bhaile seo as chomh néata is a choinníonn siad an áit.






Aonach Ghort a' Choirce
Comortás na nGairdíní








Ceol agus craic
Ar deireadh, ba mhaith le Coiste Fhéile
Ghort a’ Choirce an deis seo a ghlacadh le buíochas a thabhairt dóibh seo a leanas as an tacaíocht a thug siad don fheile:
  • Coiste Gairmoideachas ar shon an Ionad Aosaigh a thabhairt dúinn
  • Ionad Spóirt Thír na nÓg
  • Údarás na Gaeltachta
  • Noel Ó Dúgáin
  • Meitheal Forbartha na Gaeltachta
  • Siopa Mace Mc Clafferty
  • Siopa Mhic Iomhair
  • Bláthanna Rosie
  • Teach Ruairí
  • Teach Bhillí
  • Maggie Dans
  • Óstán Loch Altan…