Feile Ghort a' Choirce
Féile Ghort a' Choirce 2010 – Bí Linn!
Beidh Féile Ghort a’ Choirce ar siúil arís i mbliana ón 23ú go dtí an 25ú Iúil. I measc na n-imeachtaí a bhéas ar siúl i mbliana beidh:
Rása 5K
(rith nó siúl) – Tá ag éirí go maith leis an rása 5K agus beidh sé ann arís i mbliana. Beidh ranna ann dó gach aois mar sin – Bí ag cleachtadh! ‘Tug of War’ dona daoine fásta ina dhiaidh. Cuireann foireann isteach ó do bhaile fearainn féin.Comórtas Griangrafanna Suimiúla don Phobal
m.sh tírdhreach/daoine nó pictiúr suimiúil ar bith a tarraingíodh sa pharóiste. Gan níos mó ná 2 phictiúir ó gach iarrthóir. Méid A4 nó 8” X 5” ar laghad. Pictiúirí don chomórtas i gclúdach (le ainmn an iarrthóra ar cúl) le fágáil ‘sna boscaí in Oifig Poist Ghort a’ Choirce agus Mhín Lárach roimh 20/7/10.
Comórtas Bácála
aráin, cácaí, subh milis srl. – Dé Sathairn.Comórtas Glasraí
– prátaí, trátaí, meacain, srl. – Dé Sathairn.Lá Aonaigh sa Phanc
– ag díol ábhar mar glasraí, bácáil, bia farraige agus ceardaíocht agus ba mhaith le Coiste na Féile go mbeadh muintir na háite breá gníomhach ann. Ceol agus damhsa le Máirtín Ó Dugáin agus Damhsóirí Fionnuala.Comórtas Rásaí Currach i Machaire Rabhartaigh tar éis Aifreann na Reilige
– Mary Mhic Pháidín a eagrú.Comórtas don Bhaile Fearainn is Slachtmhara i bPobal Gort a’ Choirce
Ba Fána’ Bhuí buaiteoir an chomórtais i 2008 agus An Seanbhaile i 2009. Déan do dhícheall an teideal seo a fháil i mbliana do do bhaile fearainn féin.Seastán do Ospís Dhún na nGall
Beidh seastán ag Molly agus Joe Harkin arís i mbliana don Ospís. Labhair le Molly nó Joe dá mhaith leat earraí a bhronnadh. D’éirigh go h-ana mhaith leis anuraidh agus tógadhDamhsa na Féile
le Jose agus Micheál oíche Dhómhnaigh.Bí ag ullmhú don Fhéile.
Coiste 2010:
Cathaoirleach; Molly Uí Earcáin, Áine Mhic SuibhneOCP: Caitlín Mhic Laifeartaigh
Rúnaí: Síle Mhic Aoidh
Coiste: Frances agus Agnes Ní Chuireáin, Caitlín Uí Mhaolagáin, Séamus Mac Géidigh agus Karen Uí Maoilchiaráin agus Mary Mhic Phaidín.
Féile Ghort a' Choirce 2008

